1 Ríthe 1:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán.

13. Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’

14. Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.”

15. Isteach le Baitseaba go dtí an rí mar a raibh sé ina sheomra (bhí an rí an-aosta agus bhí Aibíseag ó Shiúnaem ag freastal air).

16. Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: “Céard is mian leat?”

17. “A thiarna,” ar sí, “mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: ‘Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.’

18. Agus féach seo é Adoiníá anois ina rí cé gur gan fhios duitse é, a thiarna rí.

19. Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh.

20. Is ortsa anois atá a súile ag gach duine in Iosrael chun go n‑ainmneofá comharba ar mo thiarna an rí.

21. Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”

22. Agus í fós ag caint leis an rí tháinig an fáidh Nátán isteach.

23. “Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí.

24. “A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’?

25. Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’

1 Ríthe 1