1 Macabaech 9:4-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ansin chuir siad chun bóthair agus chuaigh go Beireá le fiche míle troitheach agus dhá mhíle marcach.

5. Bhí a champa suite ag Iúdás in Ealasa agus trí mhíle de thogha na bhfear in éineacht leis.

6. Nuair a chonaic siad sluaite líonmhara an namhad, tháinig scéin orthu agus d'éalaigh mórán acu ón gcampa i dtreo nár fágadh ach ocht gcéad díobh.

1 Macabaech 9