1 Macabaech 6:28-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Tháinig racht feirge ar an rí nuair a chuala sé é sin, agus chuir sé fios ar a chairde go léir, cinn feadhna a fhórsaí, agus ceannairí an mharcshlua.

29. Agus tháinig amhais chuige ó ríochtaí eile agus ó oileáin mhara.

30. Ba é líon a fhórsaí ná céad míle troitheach, fiche míle marcach, agus tríocha dó eilifint a raibh taithí acu ar chogaíocht.

31. Tháinig siad ar aghaidh trí Idiúmáia agus chuir siad léigear ar Bhéit Zúr agus bhí á ionsaí ar feadh a lán laethanta; thóg siad innill léigir, ach rinne [na Giúdaigh] ruathar amach agus chuir trí thine iad agus throid siad go cróga.

32. D'imigh Iúdás ón ionsaí ar an Dúnfort agus shuigh sé a longfort ag Béit Zacairiá ar aghaidh longfort an rí.

33. D'éirigh an rí go moch ar maidin agus thug sé a fhórsaí leis ar bharr luais ar feadh an bhóthair go Béit Zacairiá; chuir siad cóiriú catha orthu féin agus shéid a stoic.

34. Thaispeáin siad súlach fíniúna agus maoildeirge do na heilifintí á n‑ullmhú chun troda.

35. Roinn siad na hainmhithe ar na falaing, agus chóirigh siad míle fear faoi lúireacha maille le cafairr chré-umha ar a gceann le gach eilifint; roghnaíodh cúig céad marcach freisin le gabháil le gach ainmhí.

36. Bhaineadh a marcshlua an tosach i gcónaí den eilifint cibé áit ina mbíodh sí; cibé áit ina dtéadh sí, théidís in éineacht léi, gan scarúint léi.

37. In airde ar gach eilifint bhí túr daingean cumhdaithe adhmaid, i bhfearas ar gach ainmhí le teanntaí ar leith; agus ar gach ceann acu bhí ceathrar armtha le troid ón suíomh sin, agus giolla Indiach chomh maith.

1 Macabaech 6