16. Ansin fuair Aintíochas rí bás ansiúd sa bhliain céad daichead a naoi.
17. Nuair a chuala Lisias go raibh an rí tar éis bháis, chuir sé a mhacsan, Aintíochas, i gcoróin i gcomharbacht air; d'oil [Lisias] eisean óna óige, agus thug sé Eopatór air.
18. Bhí lucht an Dúnfoirt ag bagairt ar na hIosraelaigh timpeall an tsanctóra, agus iad ag faire na faille i gcónaí chun díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad ina dtaca láidir ag na págánaigh.
19. Bheartaigh Iúdás nárbh fholáir iad a scriosadh; chruinnigh sé an pobal go léir chun léigear a chur orthu.
20. Tháinig siad le chéile agus chuir siad léigear ar an Dúnfort sa bhliain céad agus a caoga; agus thóg [Iúdás] seastáin diúractha agus sásanna léigir.
21. D'éirigh le cuid acu éalú ón léigear, agus ghabh cuid de na hIosraelaigh éagráifeacha leo.
22. Bhain siad an rí amach agus dúirt siad: “An fada eile a fhanfaidh tú gan éiric agus díoltas a dhéanamh ar son ár mbráithre?
23. Bhíomar sásta seirbhís a dhéanamh do d'athair, géilleadh dá orduithe agus rud a dhéanamh ar a fhorálacha;
24. (agus rinne siad léigear air) dá bharrsan ní bheadh aon bhaint ag ár muintir féin linn; agus ina theanntasan chuir siad chun báis aon chuid againn arbh fhéidir leo greim a fháil orthu, agus ghabh siad seilbh ar ár maoin oidhreachta.
25. Ní orainne amháin a luigh siad lámh, ach ar na críocha go léir ina gcomharsanacht.
26. Agus, féach, inniu féin tá léigear á chur acu ar Dhúnfort Iarúsailéim lena ghabháil, agus tá an sanctóir agus Béit Zúr daingnithe acu.
27. Mura gcuireann tú cosc leo gan mhoill déanfaidh siad bearta níos mó fós agus ní bheidh ar do chumas cosc a chur leo.”