1 Macabaech 6:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Tá mé cinnte dearfa gurb é sin is cúis le mo mhí-ádh agus seo mé ag fáil bháis go dobrónach ar an gcoigcrích.”

14. Chuir sé fios ansin ar Philib, duine dá chairde, agus chuir sé i gceannas ar a ríocht go léir é.

15. Thug sé dó a choróin, a fhallaing, agus a fháinne, ar an tuiscint go múinfeadh sé a mhac Aintíochas agus é a oiliúint don ríogacht.

16. Ansin fuair Aintíochas rí bás ansiúd sa bhliain céad daichead a naoi.

17. Nuair a chuala Lisias go raibh an rí tar éis bháis, chuir sé a mhacsan, Aintíochas, i gcoróin i gcomharbacht air; d'oil [Lisias] eisean óna óige, agus thug sé Eopatór air.

18. Bhí lucht an Dúnfoirt ag bagairt ar na hIosraelaigh timpeall an tsanctóra, agus iad ag faire na faille i gcónaí chun díobháil a dhéanamh dóibh, agus iad ina dtaca láidir ag na págánaigh.

19. Bheartaigh Iúdás nárbh fholáir iad a scriosadh; chruinnigh sé an pobal go léir chun léigear a chur orthu.

20. Tháinig siad le chéile agus chuir siad léigear ar an Dúnfort sa bhliain céad agus a caoga; agus thóg [Iúdás] seastáin diúractha agus sásanna léigir.

1 Macabaech 6