1 Macabaech 15:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Sa bhliain céad seachtó a ceathair, chuir Aintíochas chun bealaigh agus rinne ionradh ar thír a shinsear. Tháinig na fórsaí go léir ar a thaobh i dtreo nach raibh ach an beagán fágtha ag Trufón.

11. Chuaigh Aintíochas sa tóir airsean agus tháinig sé go Dóra ar bhruach na farraige ag lorg dídine,

12. mar bhí a fhios aige go raibh trioblóidí sa mhullach air agus go raibh sé tréigthe ag a shaighdiúirí.

13. Shuigh Aintíochas a longfort os comhair Dhóra agus céad agus a fiche míle curadh aige, agus ocht míle marcach.

14. Chuir sé léigear ar an gcathair agus dhruid na longa i gcóngar chun catha a chur ón muir; bhí an chathair faoi ionsaí dian ó mhuir agus ó thír aige, agus gan cead ag aon duine dul inti ná teacht aisti.

15. Idir an dá linn tháinig Núiméinias agus a chompánaigh ón Róimh le litreacha go dtí ríthe agus tíortha; mar leanas a ghabh na litreacha:

16. Lúicias, consal na Róimhe, do Ptoilimí rí, beatha agus sláinte!

17. Tháinig toscairí na nGiúdach chugainn mar chairde agus mar chomhghuaillithe d'fhonn ár gcairdeas agus ár gconradh bunaidh a athnuachan: Síomón an t‑ardsagart agus an pobal Giúdach a chuir chugainn iad

18. agus thug siad leo sciath óir a mheánn míle míoná.

19. Bheartaíomar dá bhrí sin scríobh go dtí na ríthe agus na tíortha go léir a rá leo gan a bheith ag iarraidh díobhála a dhéanamh dóibh, ná cogadh a chur orthu féin ná ar a gcathracha ná ar a dtíortha, ná conradh a dhéanamh leo siúd atá ag cogaíocht leo.

20. Bheartaíomar an sciath a ghlacadh uathu.

21. Má theith aon scraistí chugaibh as a dtírsean, tugaigí ar láimh iad do Shíomón an t‑ardsagart, le go gcuirfeadh sé pionós orthu de réir a ndlí.

1 Macabaech 15