1 Macabaech 14:23-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Bhí ár muintir sásta fáilte onórach a chur roimh na fir sin agus cóip dá dteachtaireacht a chur sa chartlann phoiblí i dtreo go mbeadh cuntas oifigiúil uirthi ag muintir Sparta. Rinne siad cóip de chomh maith do Shíomón an t‑ardsagart.”

24. Ina dhiaidh sin chuir Síomón Núiméinias go dtí an Róimh le sciath óir, a raibh míle míoná de mheáchan inti, d'fhonn an conradh a dhaingniú leo.

25. Nuair a chuala an pobal an méid sin, dúradar: “Conas a thabharfaimid buíochas do Shíomón agus dá chlann mhac?

26. Sheas seisean agus a bhráithre agus teaghlach a athar an fód; throid siad agus thiomáin siad ar gcúl naimhde Iosrael agus dhaingnigh a saoirse.”

27. Ghrean siad cuntas oifigiúil dá bhrí sin ar tháblaí cré-umha agus chuir é ar cholúin Shliabh Shíón. Seo cóip dár scríobh siad: “Ar an ochtú lá déag de Ealúl, sa bhliain céad seachtó a dó, an tríú bliain faoi Shíomón, ardsagart mór, in Asarmal,

28. i gcomhthionól mór na sagart, an phobail, ceannairí an chine, agus seanóirí na tíre, fógraíodh mar leanas dúinn:

29. Nuair a bhí cogaíocht go minic sa tír chuaigh Síomón mac Mhataitias, sagart de chlann Ióairib, agus a dheartháireacha sa bhearna bhaoil agus sheas siad an fód in aghaidh naimhde an náisiúin, d'fhonn go mbeadh a sanctóir agus an dlí buan; agus thuill siad clú agus cáil dá náisiún.

1 Macabaech 14