1 Eoin 3:10-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.

11. Mar gurb é seo an teagasc a chuala sibh ó thús, grá a bheith againn dá chéile.

12. Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.

13. Ná bíodh aon ionadh oraibh, a bhráithre, más fuath leis an saol sibh.

14. Is eol dúinne gur aistríodh ón mbás go beatha sinne mar go dtugaimid grá do na bráithre.

15. An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.

16. Uaidh seo a aithnímid an grá, mar gur thug seisean a anam ar ár son; agus is mithid dúinne ár n‑anam a thabhairt ar son na mbráithre.

1 Eoin 3