1 Croinicí 7:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Chaoin Eafráim a n‑athair iad ar feadh mórán laethanta agus tháinig a dheartháireacha chun sólás a thabhairt dó.

23. Ansin chuaigh Eafráim chun a mhná agus ghabh sí gin agus rug sí mac, agus thug sí Béiríá (.i. Mí-Ádh) mar ainm air, “mar,” a dúirt sí, “i mo theachsa bíonn mí-ádh ar dhuine.”

24. Bhí iníon aige darbh ainm Séará agus is í a thóg Béit Horon Íochtarach agus Uachtarach, agus Uzaen Séará.

25. Reafach a mhac; Reisif a mhacsan, Tealach a mhacsan, Tachan a mhacsan,

26. Ladán a mhacsan, Aimíohúd a mhacsan, Eilíseamá a mhacsan,

27. Nún a mhacsan, Iósua a mhacsan.

28. Ba iad a dtailte agus a n‑áitribh: Béitéil agus a bhailte máguaird, Nárán lastoir, Geizir agus a bhailte máguaird laistiar, Seicim agus a bhailte máguaird, Aiá agus a bhailte máguaird.

29. Bhí Béit Seán, Tánác, Migideo agus Dór, lena mbailte ar leith máguaird, i lámha chlann mhac Mhanaise. Ansin a mhair clann mhac Iósaef mac Iosrael.

1 Croinicí 7