1 Croinicí 23:15-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Clann mhac Mhaois: Géirseom agus Eilíeizir.

16. Clann mhac Ghéirseom: Seabúéil an sinsear.

17. Clann mhac Eilíeizir: Rachaibiá an sinsear; ní raibh aon mhac eile ag Eilíeizir, ach bhí clann mhór ar Rachaibiá.

18. Clann mhac Izeár: Sealoimít an sinsear.

19. Clann mhac Heabrón: Iríá an sinsear, Amairiá an dara mac, Iachaizíéil an tríú mac, agus Iacamám an ceathrú mac.

20. Clann mhac Uizíéil: Míceá an sinsear agus Isíá an dara mac.

21. Clann mhac Mharáraí: Mailí agus Múisí. Clann mhac Mhailí: Eileázár agus Cís.

22. D'éag Eileázár gan oidhre mic, ach iníonacha, agus phós a ngaolta clann mhac Chís iadsan.

23. Clann mhac Mhúisí: Mailí, Éidir agus Iaraemót: triúr acu.

1 Croinicí 23