1 Croinicí 20:6-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith.

7. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é.

8. Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

1 Croinicí 20