1 Croinicí 2:27-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Clann mhac Rám céadghin Iarachmael: Máz, Iáimín, Éicir.

28. Clann mhac Ónám: Seamaí, Iádá. Clann mhac Sheamaí: Nádáb, Aibísiúr.

29. Aibícháil ab ainm do bhean Aibísiúr. Rug sí dó Achbán agus Móilíd.

30. Clann mhac Nádáb: Sailid, Apáím. D'éag Sailid gan oidhre.

31. Clann mhac Apáím: Ísí. Clann mhac Ísí: Séiseán. Clann mhac Shéiseán: Achlaí.

32. Clann mhac Iádá, deartháir Sheamaí: Ieitir, Iónátán. D'éag Ieitir gan oidhre.

33. Clann mhac Iónátán: Peilit agus Zázá. Ba iadsan clann mhac Iarachmael.

34. Ní raibh aon chlann mhac ag Séiseán ach iníonacha. Bhí daor Éigipteach aige darbh ainm Iarchá.

1 Croinicí 2