1 Croinicí 17:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Beidh mé i m'athair aige, agus eisean ina mhac agam; ní tharraingeoidh mé mo bhuanghrá uaidh, mar a rinne mé leis an bhfear a chuaigh romhat.

14. Déanfaidh mé é a chaomhnú go deo i mo theach agus i mo ríocht, agus beidh a ríchathaoir go daingean go deo.’ ”

15. D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.

16. Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, chun gur threoraigh tú an fad seo mé?

17. Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint.

18. Cad eile is féidir le do shearbhónta Dáiví a rá leat de bharr mar a thug tú onóir do do shearbhónta? Tú féin a rinne do shearbhónta a roghnú.

19. Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú na nithe móra seo atá le teacht.

20. Níl aon neach mar thú a Thiarna, agus níl aon Dia ann ach tú amháin, mar a chuala ár gcluasa féin.

1 Croinicí 17