14. Naomhaigh na sagairt agus na Léivítigh iad féin le háirc an Tiarna, Dia Iosrael, a bhreith suas.
15. D'iompair na Léivítigh áirc Dé agus a cuaillí ar a nguaillí faoi mar a d'ordaigh Maois de réir bhriathar an Tiarna.
16. Agus dúirt Dáiví le cinn urra na Léivíteach a ngaolta a cheapadh mar chantairí chun geantraí a sheinm ar a ngléasanna ceoil, ar chláirseacha, ar chruiteanna agus ar chiombail.
17. Ansin cheap na Léivítigh Héamán mac Ióéil; Ásáf mac Bheiriciá, duine dá ghaolta; Éatán mac Chúiseáiá, duine dá ngaolta de chlann Mharáraí;
18. agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata.
19. Na cantairí Héamán, Ásáf, agus Éatán - bhí siadsan leis na ciombail chré-umha a bhualadh;
20. Zacairiá, Iáizíéil, Simíreámót, Ichíéil, Uiní, Eilíáb, Másaeiá, Banáiá - bhí siadsan leis an gcruit eochrach a sheinm;
21. Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, Azaiziá - bhíodarsan leis an mbuille a ghabháil agus an lir ochtávach a sheinm.
22. Canainiá ceannaire ceoil na Léivíteach, a bhí oilte ar an gceol, bhí sé le dul i gceannas air.
23. Bhí Beiriciá agus Ealcáná le bheith i bhfeighil gheata na háirce.
24. Bhí na sagairt Seabainiá, Ióiseáfát, Natanael, Amásai, Zacairiá, Banáiá, Eilíeizir, leis an stoc a shéideadh roimh áirc Dé; bhí Obaed Eadóm agus Íchiá le bheith i bhfeighil gheataí na háirce.
25. D'imigh Dáiví agus seanóirí Iosrael agus na ceannairí míle le háirc chonradh an Tiarna a bhreith ó theach Obaed Eadóm faoi lúcháir mhór.
26. De bhrí go raibh Dia ag cabhrú leis na Léivítigh a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, d'ofráil siad seacht dtarbh agus seacht reithe.
27. Bhí éide de línéadach mín ar Dháiví mar a bhí ar na Léivítigh go léir a bhí ag iompar na háirce, ar an cantairí agus ar Chanainiá, an té a bhí i gceannas ar cheol na gcantairí. Chaith Dáiví an t‑éafód lín freisin.