19. “Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól. An ólfainn fuil na bhfear seo? Mar chuadar i mbaol anama á bhreith leo.” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
20. Ba é Aibísí, deartháir Ióáb, ceannaire an tríochad. Eisean a d'imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
21. Ba mhó cáil é ná an tríocha agus rinne captaen de orthu, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
22. Banáiá mac Iahóiádá, laoch ó Chabzael, fear déanta móréachtaí, threascair sé dhá churadh ó Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
23. Ba eisean freisin an té a mharaigh an tÉigipteach, fear mór groí cúig bhanlámh ar airde. Bhí sleá mar bhíoma fíodóra ina láimh ag an Éigipteach; ghabh sé síos ina choinne agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh eisean léi.
24. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóiádá a thuill cáil dó féin i measc an tríocha gaiscíoch.