1 Corantaigh 6:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé d'éadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh?

2. An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach?

3. Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta?

4. Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu?

5. Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a d'fhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre,

6. ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?

7. Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall?

1 Corantaigh 6