1 Corantaigh 3:20-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. agus arís: “Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.”

21. Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t‑iomlán:

22. Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,

23. agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.

1 Corantaigh 3